Ón Léachtlann

Is dócha gur dóigh libh go bhfuilimidne ar ár gcradó ar fad le cúpla mí! Níl is amhlaidh atá léachtaí breátha fachta againn ó Toose is na baill bheatha go léir clúdaithe againn, ach táimid anois ag iarraidh dul siar ar an ábhar go léir agus a chinntiú go dtugaimid linn oiread is is féidir.
Inniu tarraingíodh anuas Toibreacha Beannaithe agus tá mórán acu ar fud na dúthaí seo. Tobar Molaga i mBaile Bhaoithín – Luan Cásca a déantar an turas san (Neilí Mhárthain an bhean dheireanach a facthas ag déanamh an turasa san)
Tá Toibrín Bhríde ann leis agus ceann i mBaile Riabhach
Tá Teampall Bhaile Bhaoithín nó Teampaillín na Gréine ann agus Teampall Mhaighréidín
I mBaile an Reannaigh tá Tobar na mBan nó Tobar Chiaráin (tá sé ar an gcasadh – idir an cé beag atá thíos ann is an tráigh. Deirtí go raibh leigheas anso don mbean a bhí ag súil le leanbh – leigheas ar an mbreoiteacht maidine. Chaithfeadh bean eile dul ag triall ar an uisce di. Ní fhéadfadh aon fhear ól as mar dá n-ólfadh ní phósfadh sé go deo. Bíonn na leaids óga thíos ann ag imirt caide – bhí sé ráite go n-ól fear éigint as díreach chun ná pósfadh sé!
Luadh Tobar na Molt ó thuaidh ó Thrá Lí – bítear fós ag déanamh an turasa san. B’é an sean-nós ná go bhfágadh daoine rud éigint a bhaineas leo ag an tobar is iad ag fágaint – píosa éadaigh – ceirt/giobal éigint. An rud céanna anso – caitear cúpla scilling isteach i dTobar Naomh Gobnait i nDún Chaoin – mar a déantar an turas ar an 11 Feabhra gach aon bhliain fós.
Ní bhraithfeá an t-am ag leá (leaigh) mar a deir Toose. 1.45 a fágadh an léachtlann inniu!

‘Dá olcas é an galar is measa é an t-athiompáil’

Tá mórán daoine ag gearán na laethanta seo ar shlaghdán is fliú, is a dheacra is atá sé fáil scartha leo. Ní foláir nó go ndeirtí ‘Dá olcas é an galar is measa é an t-athiompáil’ – sé sin gur measa a bhíonn duine nuair a fhilleann breoiteacht an dara babhta (slaghdán nó a leithéid). Bhí stáir (ana-thamall/ tamall fada) ann ó chonaiceamair cuid acu siúd a bhí linn inniu! Bhí cuid acu suaite – aistí móra le scríobh acu! (suaite – trí chéile – tá cuma shuaite air/uirthi – ní fhéachann siad sásta. Bíonn cuma shuaite ar an bhfarraige).
Deineadh dearúd ar an gCarghas mar go dtug Máire císte breá léi – ach dúirt sí féin go raibh sí ábhar tútach agus í á ghearradh. Ba chuma linn – itheadh é!
Má fhaighim caoi – má fhaighim deis. Tháinig ceataíocht orm (níor éirigh liom é dhéanamh go maith/ tháinig sé salach orm). Tháinig sé caoithiúil orm (d’éirigh liom é dhéanamh go maith) – úsáidtear é agus daoine i mbun litreacha a scríobh – ag súil le scéala uait ar do chaoithiúlacht (nuair a bheidh deis agat)
Falla nó faltanas (i dTír Chonaill) a bhí á phlé ar Rónán Beo i rith na seachtaine – Is fearr seana-fhiacha ná seana-fhalladh. Tá falla agat liom. (Fala atá sa bhfoclóir) .
Tarraingíodh anuas call ansan: Ní call duit é – Níl aon chall agat leis = níl aon ghá agat leis.
Cé go bhfuil an fuacht mór imithe tarraingíodh anuas bachrán nó scrógaí mar a bhíodh acu in Inis Meáin – sé sin – bualtach bó triomaithe agus dóití sa tine é.
Tá faid bheiriú an spóla go maith ar an lá fén dtráth seo nó aighe feola (spóla feola; píosa feola – ní gá go mbeadh cnámh ann). Gach aighe dá chorp (gach cuid dá chorp)
Críochnaíodh an mhaidin le gliogram cos (rince)
B’é Séamus Ó Sé an rógaire,
Thugas dhá phingin ar phort dó,
Mhúin sé dom gliogram
Is d’fhág san ag croitheadh na gcos mé
Gura fada buan sibh go léir!

Aoine 26 Deireadh Fómhair

 

Bhí ana-bhús againn ar an Meal ar maidin. N’fheadar conas ar tarraingíodh anuas é ach tosaíodh ag caint ar dhuine ná beadh ‘lí na léithe’ aige : ‘níl lí ná liathadh aige’/ ‘níl liathadh an tae aige’ sé sin ná beadh dóthain liathadh ag duine le cur ar an dtae nó go mbeadh sé chomh bocht san. ‘Sín chugam an liathadh’ mar a deirtear fós. Dh’úsáideadh daoine ‘dathú’ leis, sin é a bhíodh ag muintir an oileáin. Nuair a théidís an Daingean ansan, ‘stán dathú’ a bhíodh uathu nuair a tosnaíodh ag díol bainne púdair.

‘Dhíolfadh amadán ach ní cheannódh údar’.  Ní cás d’éinne tabhairt fé rud a dhíol, ach ní cheannódh an té ach go bhfuil fios a chúraim aige. Tá an moladh ann gach dabht ‘mura bhfuil agat ach pocán gabhair bí i lár an aonaigh leis’. Luadh leis ‘Focail údair i mbéalaibh amadáin’ is is dócha go mbeadh ‘údar maith ag duine a leithéid a rá ar uairibh is iad ag éisteacht le cuid do scéalta nuachta ár linne ar chúrsaí eacnamaíochta is eile! Ach fágaimís súd mar atá sé!

Mholfaí do dhuine a bheith údarásach, cé gur minic go mbraithfeadh daoine, daoine áirithe ró-údarásach! Bhíothas ag caint ar thréithe is an tréith is treise atá ionat, san a thabhairt chun foirfeachta.  ‘bí ag treise leat’ bí ag déanamh leat is ‘tá rud éigint sa treis acu’ , sé sin go raibh rud éigint idir lámha acu.

Luadh na Fianna is a dtréithe: Trí tréithe na Féinne:

Gloine ár gcroí

Neart ár ngéag

Is Beart de réir ár mbriathar

As san go dtarraingíodh anuas ‘cuaird feinnidheachta nó ‘adventure’ is is dócha go bhfuilimidne ar ár gcuaird feinnidheachta féinig gach Aoine ag cíoradh is plé focal. Bí linn má bhíonn aon am ar do lámha agat – san Ionad Seirbhísí Teanga, An Meal, An Daingean. 11.30-1.00pm gach Aoine!

12 Deireadh Fómhair 2012

12 Deireadh Fómhair 2012

N’fheadar ceal aga nó leisce a bhí orainn, ach inniu roinnfimid liosta focal/nathanna libh!

Tá doircheacht ann = tá sé in isle brí

tútach/ tútanálaí = neamhshlachtmhar

cosa in airde/ ar cosa in airde = sachaiteamh (Paróiste Mórdhach)

“cosa nite aige!” ar shlí na fírinne/ ag sarú an bháis

gealadhram “bhí gealadhram ann” = bhí ana-chuileachta ann

“Tá sé deoranta”  corr “is corr an fear é”
Corrmhéiniúil = eccentric, idiosyncratic

Deoraí Dé =
Ní raibh deoraí ann/ ní raibh duine na deoraí ann = there wasn’t a soul there

góic = duine ardnósach; duine góiciúil = duine a bheadh ag caiteamh anuas ar duine eile
goic = wink

ag troscadh = Aoine an Chéasta nó Céadaoin an Luaithrigh

 ag seangú = ar aiste bia!

Ní fhaca mé le cuimhne na cait thú = Ní fhaca me le fada thú

colainn sheada = slim-figure : Keira Knightly); bean bhreicdhealbhach = Marilyn Manroe!
[Nota: ní raibh ach mise (Rob) agus  Toose fagtha ag an pointe seo; tá fhíos agaibh cén treo a bhfuil an comhrá ag dul!]

 Eile
ceann corraiceacht = odd one (out)
duine nó pingin corraiceach
bhíos corraithe le….
bhíos corraithe mar gheall ar….
(ceol) corraieach nó chorraigh sé mé = to be moved/ excited by something

ag caitheamh airgead thar chailc = tomhaltachas gan chiall
“fáslaigh saibhre sna haislingí le meisce rachmais”

scaoll cultúir = culture-shock
Scaoll cultúir dom ab ea é”leath mo dhá shúil orm”

buille fén bpacadh = below-the-belt
tá sé fén bpacadh aige = he has guts/ balls
ní raibh faic fén bpacadh aige

leac = a hard-surface, a slab, a stone, a plate, a platter
ar leic an dorais
tá an leac lite aige = he has finished his supper

tá an leac lite agus a chosa nite aige = ar shlí na fírinne
tá sé fé leic/ leac= tá sé caillte

 

19 Deireadh Fómhair

Má bhíonn fonn ort duine a mholadh, is minic gur bé an freagra a gheobhfá na ‘leath orm é’. ‘Sé a bheadh i gceist leis sin ná an focal a scaipeadh, an duine a mholadh i gcian is i gcóngar.

Bhí daoine deas ar úsáid a bhaint as gach aon ní fadó. Is beag rud a théadh amú nó a raghadh gan úsáid a bhaint as. Bhaintí úsáid as craiceann coinín nó gabhair chun ‘pixie’ beag a dhéanamh dosna leanaí . Dheinidís a mbróga féinig leis ; buimpéisí a thugaidís orthu  nó bróga airléirúrleathar (leathar úr)

Má tá aon cheann des na seana-chloig sa tigh agat caitheann tú an clog a thocrais nó a thuailm. (Tuailm an chloig a theannadh nó bíonn tú ag teannadh na tuailme.

Is neamhaistreach a bhí cuid againn ar maidin agus sinn ag éisteacht le cúrsaí nuachta. Is cosúil go bhfuil  polaiteoirí na hEorpa in oighear a chéile aríst, níl siad ag réiteach nó ag tarrac le chéile ar conas go díreach is fearr tabhairt fé chastacht chúrsaí airgeadais na hEorpa a réiteach!

Tar éis dúinn an mhaidean a thabhairt inár suí bhíomar go léir craptha is bhí fonn orainn sinn féin a shearradh. Ná cuir do gheansaí olla san inneall níocháin nó crapfaidh sé! Crapann éadach sa níochán nó traoitheann sé.

Ar aon chuma níl aon amhras orm ach go bhfuil éisteacht na muice bradaí ag cuid d’ár gcomhluadar mar dá mhéad cainte a bhíonn sa tsiúl, ní chailleann siad faic! Bíonn allaidhre ar chuid acu ácach, is sinn ag iarraidh an teitheadh a chur orthu nuair a bhíonn sé san am an bóthar a bhualadh! Is beag  tor a tugtar orainn is sinn ag fógairt an ama!

Sin é mar a thugamar an mhaidean ag caint is ag cur trí chéile.

Go raibh maith agat.

5 Deireadh Fómhair

Tá tús curtha le biaiste nua againn anso ar an Meal agus daoine ag bualadh isteach chun cainte is chun caibidile. Thosnaigh daoine ag caint ar rudaí a bhailiú mar shampla Aoine an Chéasta bhíodh daoine ag caint ar  ‘cnuasach trá’. Duine a bheadh ‘cnuaisceámhnach’ ansan, sin duine a bheadh seiftiúil, duine a bheadh go maith chun soláthair, duine tiosach, ná chaitheadh aon rud amach nó amú. Ní chiallódh sé go mbeadh an té sin sprionlaithe nó teann!

N’fheadar conas ansan go dtarraingíodh anuas cúrsaí radhairce ach luadh an seana-rá : ní mairtre go daille (ní martrú go daille). ‘mairtre’ sin máchail nó míchumas agus chreid daoine ná raibh aon ní níosa mheasa ná a bheidh dall nó an radharc a chailliúint.  Focal eile ar mháchaileach ná ciotramach (cithréimeach – sa bhfoclóir).

Tarraingíodh anuas roinnt focal ansan atá ag an Duinníneach, ina measc ‘speach’. D’fhéadfadh duine gan dabht speach a d’fháilt ó bhó ach is cosúil gur féidir le duine speach a thabhairt uaidh lena mhéaranta leis – an ordóig is an mhéar a phreabadh ar a chéile is dócha. ‘Miotóg’ sin rud eile – greim a bhaint as craiceann duine nó rud mar shampla – deineann leanaí go minic le chéile é!

Is mó rud eile a cuireadh trí chéile ach is dócha gur leor an blaiseadh seo dúinn an tseachtain seo!

 

An Aoine 25 Bealtaine 2012

Táimid go léir ag rith le brothall anso inniu! Bhuail cúpla duine an doras isteach chugainn ach go háirithe. Bhí fuastaí  deasa, mílse againn ó Mhargadh na bhFeirmeoirí ar an Holy Ground anso sa Daingean! Bhíodar deigh-bhlasta. Buíochas le Sharon is Cian a bhí ag bácáil ó adhmhaidin!  Bhí Lucia ag iarraidh caife a sheasamh do Toose ach chaith sé bóthar a bhualadh is ‘Tá do chlú is do chuid agat’ ar sé léi (ní foláir nó gur b’shin é a deirtí fadó sa tigh tábhairne – dá mbeadh duine chun seasamh do dhuine ach go gcaithfeadh an duine eile an bóthar a bhualadh)

N’fheadar conas a tarraingíodh anuas an Ghaoluinn atá ar na hailtcnugachautáin! Fuaireamar go léir cúpla cnug is sinn ar scoil is is dócha nach gá a thuilleadh a rá ina thaobh san!

Beidh lá fén dtor againn ar an Aoine so ach le cúnamh Dé beidh ceiliúradh mór againn anso san Ionad Seirbhísí Teanga ar an Meal sa Daingean ar an Aoine 8 Meitheamh óna 11.30am amach. Má bhíonn tú sa chomharsanacht, buail isteach!

Lean

Seolfar chuile alt nua chuig an mbosca ríomhphoist agat.