Bhí comhrá cinncheartchéille againn inniu! – nó aréir!
Tá ceann na ceartchéille air = Tá sé stuama/ ciallmhar
***
Thugas geabh orthu = Thugas turas orthu
Thugas ruaill orthu = Thugas turas tapaidh orthu
Rann
“Thugas ruaill ar chara liom
Ba fhuar an fháilte
Ba lom an clár
Agus ba ghearr an chuaird” (= cuairt)
Rann eile!
“Téir ann go hannamh
Is beidh romhat fáilte
Téir ann go minic
Is beidh an ghráin ort”
***
Tá sé gairid don easna dom = Tá gaol gairid agam leis
A chara na n-árann – cara maith.
A chara na n-ae istigh – cara dílis!
***
Tá sé beagán gearra sa bhfiacail di = Tá sé róchríonna di.
***
Chuir sé an teitheadh orainn
Theith sé
Ruagaire reatha = duine atá ar a theitheadh
Filed under: Mála an bhacaigh! | Tagged: Béaloideas, Daoine | 1 Comment »