An Aoine 9/11/2011

Bhí comhrá cinncheartchéille againn inniu! – nó aréir!

Tá ceann na ceartchéille air = Tá sé stuama/ ciallmhar

***

Thugas geabh orthu = Thugas turas orthu

Thugas ruaill orthu = Thugas turas tapaidh orthu

Rann

“Thugas ruaill ar chara liom

Ba fhuar an fháilte

Ba lom an clár

Agus ba ghearr an chuaird” (= cuairt)

Rann eile!

“Téir ann go hannamh

Is beidh romhat fáilte

Téir ann go minic

Is beidh an ghráin ort”

***

Tá sé gairid don easna dom = Tá gaol gairid agam leis

A chara na n-árann – cara maith.

A chara na n-ae istigh – cara dílis!

***

Tá sé beagán gearra sa bhfiacail di = Tá sé róchríonna di.

***

Chuir sé an teitheadh orainn

Theith sé

Ruagaire reatha = duine atá ar a theitheadh

Aon Fhreagra Amháin

  1. Níl ionam ach foghlaimeoir, agus b’fhéidir ná fuil an ceart agam, ach ins an rann, an é “ba fhuar an fháilte” an leagan ceart, nó an bhfuil L leathan ins an focal “fáilte” i gCorca Dhuibhne?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: