An Aoine 27/01/2012

Bhí cad é caint is cibeal inniu againn san Ionad Seirbhísí Teanga ar an Meal anso sa Daingean. Cuireadh mórán focal trí chéile! Déanfam iarracht blaiseadh a thabhairt daoibh agus súil againn go mbeidh sibh ábalta cur leis!

Bhí léan orm go gcailleas an chéad chuid den bplé (nó bhí aithreachas ormbhí brón orm….) 

Ag caint dúinn ar céardaíocht…cén sórt lucht céirde atá ann? Ceathrar Togha – sin é an té is fearr i mbun a chuid oibre. Ansan tá an Rotús a bheadh go maith ach ná beadh chomh maith leis an té atá Togha. Bheadh Tuaimineach ina dhiaidh san, an té ná beadh iontach ar fad ach ná beadh ainnis ach oiread, agus ansan bheadh an té a bheadh ana-ainnis i mubn a chúraim an Díghe – Is meas é ná an díghe!

Ina dhiaidh sin go léir bhí daoine tugtha, traochta, tuirseach, tnáithte, tnáchta nó cortha!

Chuathas as san ag caint ar chúrsaí sláinte duine go gcuireann loscaidí dócroí isteach air, duine eile go mbeadh an craosghalar air, nó goile transa nó ordóg stéige lúb ar stéig ag duine eile An té go mbuailfeadh maidhm chuisle nó at chuisle é faraoir ní dócha go dtiocfadh sé as. Fadó ceann de na gearánta ba chomónda ag daoine ná  dótalún, sé sin nuair ná bíodh aon bhróga orthu. Thagadh súilín circe ar bhunaíocha na cos ag daoine leis, is is dócha go ndeineann fós.

Cup ar chupa ólta ag duine bhuel chaithfidh an duine sin dul ag suí leis féin nó dul an leithreas!

An bhfuil aon ní agaibhse le cur leis seo – d’fháilteoimís rompu.

Advertisements

An Aoine 20/01/2012

ag lígh-dhealbhadh an tí: ag péinteáil/ deanamh suas an tí

ag gealadh an tí: tigh a phéinteáil (le haol); tá an tigh gealta

tigh áirgeamhail (tigh áirgiúil) = tigh deisiúil vs. tigh dealbh = tigh lom nó bocht

*******************************************************************************************

bhí smut air = bhí pus air; Domhnach na Smut (an chéad Domhnach an Chargais)

foc (bí curamach le seo!) = féasóg teanna néata

floisc ort = fonn ort; floisc chun an bhia, m.s.

gleam-shúil = súil/ súile dearg (le aois nó brón)

*******************************************************************************************

ag foicheacht, tá sé ag foicheacht uirthi = lánúin neamhphósta ag maireachaint le chéile

ag faoileáil uirthi baint le suiríoch, ag suirí

*******************************************************************************************

púnáiste, obair déanta/ seirbhís tughta in ionad cíos; m.s.  tionónta do tiarna talún (“tá púnáiste amuigh aige orm”)

fad-aradhnacht = foighneach (téann ón focal aradha); “tabhair fad an théada dó!” = “bí fad-aradhnacht leis”

faghastrach = scéal fada (“scéal madra na n-ocht gcos”) nó ceangal fada (” is faghastrach an ceangal d’asal é sin”)

*******************************************************************************************

tá clipeadh air = níl fearg i ceist (sin ‘clipe feirge’!) ach ag dul as a mheabhair ag deanamh rud éigin

“táim clipthe ag an seana-dhiabhal ríomhaire”

obair dhuaisiúil = obair chrua (ag baint leis an fréamh-fhocal, duadh)