Post na Aimsire

Ag caint dúinn ar an aimsir………………

sánas (samhnas) air = tá briseadh nó faoiseamh ón drochaimsir,  m.s  “Ní droch-chomhartha ar an lá an méid sin sámhnais” i.e. tá an chosúlacht ann go mbeidh an lá go maith

saothrún: comhartha dea-aimsire nó aimsir bhreá .i. go leanann an ghaoth cúrsa na gréine.  Bheadh sí anoir nó anoir aneas ar maidin agus aniar tráthnóna.  Bhí saothrún inniu

síon:  aimsir, garbhshíon nó drochshíon is ea an drochaimsir; boghasíon = bogha baistí

réithín:  aimsir bhreá, chiúin

camfheothan gaoithe:  gaoth láidir / trí fheothan stoirm / mar atá sa logainm An Fheothanach i bParóiste Mórdhach

Lá fuar feannaideach is ea é.  Tá sé bioranta  nó tá sé nimhiúil nó tá aimsir ghlas ann. Thabharfadh an ghaoth scalladh duit

Conas tánn tú?  Táim leaite leis an bhfuacht.

Conas tá an lá?  Tá an lá gailbheánta, tá gailbheán ann.  Báisteach, agus gaoth á tiomáint

Níl siolla gaoithe ann.

“Na Faoillidh a mharaíonn na caoirigh

An Márta a mharaíonn na daoine

Muna líonfaidh na Faoillidh na fuarlaigh

Líonfaidh an Márta go bruach iad.”

faoillidh:  drochaimsir mhí Feabhra;  fuarlaigh:  inse cois abhann a d’fhéadfadh a bheith faoi uisce i rith an gheimhridh

An bhfuil aon ní agaibhse le cur leis seo? D’fháilteoimís rompu.

An Aoine 03/02/2012

Comhrá cinncheartchéille againn arís inniu! Is minic a chloistear caint ar an ‘braon broghach’ i gConnemara: an braon fághta sa bhuidéal; bhfuel, ‘sé an focal dríodar i bhfeidhm, go háitiúil.

Chuaigh an caint i dtreo ár gcomharsna béal dorais agus daoine ciotrúnta, cadránta, achrannach (!); focal eile ar an dteama ceanna: sceachaire, codarmán maistín (‘is maistín ceart é’)

D’imigh an caint ansan go dtí an té níos measa ná aon sceachaire…an diúgaire, ‘sea an súmaire/ an failpearaí sa phub ag lorg deoch in aisce ar dhaoine (‘ag diúgaire‘ do daoine eile agus ‘Diúg an Bhairillí

Bhí droch-seachtain ag daoine eigint má lean an comhrá ansan ar an té ag teip nó ag dul in éag agus thainig na focail ag síogú léi, ag seirgeadh, ag cnaoi, agus ag ceilúiradh suas.

Agus…ar daoine níl feith an ghrinn ann (ta sé duairc, gruama, dochma)

Caint san ar péire focal…duáileach/ suáileach, doicheall/ soicheall, saoirse/ daoirse agus sorcha an lae (breachadh an lae)/ doircheach an lae (clapsholas)

“dual in adhmad

fochal i bpráta

doicheall i gcroí an

té atá cráite”

******************************************************************************************

“an rud a bhailíonn an cníopaire, scaipeann an rábaire”

rábaire: duine flaithiúleach; cníopaire: níl sprionlóir i gceist ach fós fhéin an té atá go maith le airgead nó cnuaisciúnach (ag cnuaiseach, prataí nó feamainn, m.s.).

Bhí caint ansan ar ladhar (lamh nó crobh de rud eigint) vis-á-vis mám (dhá lamh de). Chuathas as san ag caint ar an difríocht idir ladhar do thóna agus geadán do thóna: am imeacht ag an bpointe sin!

An bhfuil aon ní agaibhse le cur leis seo? D’fháilteoimís rompu.