An Aoine 10/02/2012

Teachtaireacht thapaidh an tseachtain seo mar go bhfuil fotharaga (nó pindí no deabhadh) an diabhail orm! Thosaigh an chaint ar na slite difriúla gur féidir ‘meisce’ a chur in iúl! Mar shampla is féidir le duine a bheith ar a chaoil, ar a chaid nó, an ceann is fearr liom, a bheith caochta!

Seanfhocail deas ansan:

“Castar na daoine ar a chéile, ach ní chastar na cnoic ná na sleibhte”

Thainig fear cinn riain suas ach nilim cinnte cad go cruinn is brí leis…fhios ag éinne eile????

D’imigh an caint ansan go dtí an seana-léireasc:

“na trí rian is sia a fhanann: rian guail a muing, rian cairte i gclaí agus rian céachta i gcrích”

muing: portach;  sclaig focal ar rian cairte sa talamh

******************************************************************************************

cronán: Fuaim an chait cois tine; meamlach: an fhuaim a dhéanann sé nuair a bhíonn sé caite amach an doras!

bhí an focal scoite againn (tá sé scoite chum oibre/ airgid srl.) ach scúite (scúig/ ag scú)is ea craicinna bhaint de phrátaí, de ghlasraí srl

******************************************************************************************

bhí ana-chaint ansan ar an focal ar duine ná h-itheann aon rian feola …tá an focal veigeatóir (peaca is é é sin a scriobh fiú amháin dar le duine d’ár gcomhairleoirí!). Úsáidtear an focal feoilshéantóir (séan is ea ádh nó rath ach bheadh cosaint i gceist leis chomh maith). Ach, an focal is fearr ná turaire (tur = tirim, caint thur is ea caint leamh, m.sh)

bhí an díospóireacht ag dul i dteocht, is cosiúil, mar chas an chaint ar cimír (máchail, gortú a mhaireann), speabhraoidí (caint gan chiall ón té atá ag dul in éag, m.sh. speabhraoidí an bháis), spearbal (cnaoiste, ina cnaoiste ar an dtalamh) agus a bheith gan aithne, gan urlabhra! Bhí sé in am bóthar a bhualadh aríst dáiríre sula raibh tús curtha le rudaí!

An bhfuil aon ní agaibhse le cur leis seo? D’fháilteoimís rompu.

Freagraí: 2

  1. fear cinn riain – sin laoch nó ceannródaí is dócha – duine go mbeadh meas air, a thabharfadh fé rud éigint mór le rá a dhéanamh b’fhéidir. N’fheadar!

  2. Sea is féidir le duine a bheith scoite chun oibre nó chun rudaí mílse nó is féidir le duine an ‘goimh’ a bheith ar chun rudaí mílse – tá an goimh air/uirthi chun rudaí mílse.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: