Riabhach – focal a bhaineann le talamh, ainmhithe
Laethanta na Bó Riabhaí – deireadh Mhárta, tús Aibreáin – iad fuar, fliuch
An bhó riabhach – Féach Ó Dónaill
An Contae Riabhach .i. Loch Garman
chuige
Ní raghaidh mé ann chuige.
Ní rabhas ann chuige = in aon chor!
Ní raibh an caighdeán go maith chuige
aniar
Chugam aniar thú – le moladh nó le spreagadh a déarfaí a leithéid
Mórán rudaí a bhain leis an bhfocall aniar – bheidíst go maith
Tá an bhean sin ag gabháilt aniar = tá sí ag súil le páiste
Duine a bhfuil teacht aniar ann – tá misneach aige, tá sé ábalta cuid mhaith a sheasamh nó a thógaint
láidir
Láidir nár thána níos túisce, nó
Láidir nár dhúnais an geata id dhiaidh – le searbhas a déarfaí a leithéid le duine
Lathair Dé – eascaine neamhdhíobhálach
Láthair Dé gheobhair rud éigin
(Dhá fhocal a bhíodh i nDún Chaoin)
taoisleann = cothú, beathú ann, maitheas
Bhí taoisleann maith ann. Tá taoisleann maith san ubh (do rud atá chomh beag sin). Tá taoisleann maith sa choirce (don bhó)
Níl aon taoisleann id chuid oibre
Móin
Móin dhubh = cóngarach do ghual, an ceann is fearr
Móin rua, an chuid is measa.
Dónn móin mhaith go dtí an ribe – nó go dtí an súsán
Bean éigin – bhí sí chomh dubh slíoctha le fód móna in íochtar portaigh
súsán = suasán = caonach (sphagnum moss) = féar tanaí
Donncha an tSúsáin, duine nach bhfuil crot rómhaith air / ar a chuid gruaige
múirín nó aoileach: ag bailiú aoiligh (nó ag deanamh aoiligh ón mbruscar cistine orgánaigh)
araid = bosca = ina gcuirfí min choirce nó plúr.
lán na haraide móire ( de rud éigin)
pluais = uaimh = múmha = antúr (Focal a bhí i mBaile Uachtarach agus Ard na Caithne)
an mhúmha nó an mhumha
Faill na Mumha – tá sé sin in Ard na Caithne (Féach Ó Duinnín)
Buaile – An Buailtín = gort
Baile Uí Bhoithín = Tá Buailtín na gCapall ann, Buailtín na gConnors
Na cailleacha dubha nó cailleacha an bhrollaigh bháin .i. na mná rialta.
Filed under: Ciorcal Comhrá | Tagged: Daoine, Logainmneacha, Nadúr & Ainmhaithe, Obair & Céardaíocht |
Freagra