An Aoine 30/03/12

Tagaimid go dtí an mhaidin chaife go fonnmhar gach Aoine ach cad mar gheall ar na leathanta nuair a bhíonn leisce ort freastal ar ocáid nó cruinniú éigin. Tugtar teacht an tseagail ar sin, an teacht gan fonn gan fuadar. Bhí san go maith is ní raibh go holc ach léigh an nath cainte seo agus cuimhnigh air; triall na gcearc go hAlbain. Is ea, tá an ceart agat, ní raghaidh cearca in uisce. Tá sé intuighte gur beartaíodh an turas ach ní deineadh é. Caith do shúil ar an gcéad cheann eile. Chuir sé trína húmacha go maith í. Seanrá is ea é seo a dheineann tagairt d’obair an úmadóra. Úsáideadh úmacha i seol an fhíodóra leis. Go  bunúsach  cuireadh go dtí pointe an choiléir í. Dá mba rud é go bhfuil an t-úmadóir os cionn a bhuille, is minic a déarfá gur feidhmiúil an fear é. Duine néata atá i gcéist anso, ní bheadh aon leisce ann, bheadh sé tapaidh agus éifeachtach an rud saoráideach a dhéanamh. Tá dealramh lena chuid oibre agus is duine críochnúil slachtmhar é. Feictear daoibh anois gur aisiúil an focal é! Leanamar leis an bpatrún céanna agus má chuirtear rud éigin i bhfearas, an chaid mar shampla bheadh tairbhe dá bharr.  Má théann sé chun tairbhe duit, d’fhéadfá a rá go mbaineann tú earraíocht as.  

Féadtar na trí fhocal seo a úsáid go minic sa lá atá inniú ann.

  1. Clúnfairt – Leanbh tanaí, lochaileach a saolaíodh roimh am.
  2. Alfraits – Rógaire, bheifeá bailithe dhó.
  3. Runclac– Bia na muc (Admhaím gur annamh an focal é)

Cúrsaí aclaíochta a bhí fé chaibidil againn chomh maith. Thabharfá seáp do dhuine éigint nó thugais seáp reatha. Duine atá go maith chun ráis tá an-choisíocht aige. An-choisí – Fear atá go diail chun siúil, an-fhear siúil is ea é. Le giolcadh na gealún féadfaidh sibh a bheith ag giolcaireacht fén méid atá léite agaibh sa bhlag seo. Dia libh.

Advertisements

An Aoine 23/03/12

Dhá chaora a goideadh ó fhear ó Dhún Chaoin agus shiúlaigh Paróiste an Fheirtéaraigh á lorg.

An Ghráig a chráigh mo chroíse,

Cloichear is a thóin le taoide,

Tíorabháin fé bhun Bearna na Gaoithe,

Ná taitníonn an ghrian ann go Lá le Bríde,

Baile an Fhéirtéaraigh an chroaibhín aoibhinn,

Cluainte na dtuartha míne,

Cathair Caoin/Cuinn na sceach laistoir síos do,

Ard na Caithne mar lastar na coinnle,

Baile Uachtarach in uachtar duimhche,

Baile an Chaladh mar a ghreadann na faoileann,

Fearann na luaithe buí,

Gorta Dubha go súghtar síos iad i bportach móna,

Dhá fhód déag ar airde,

Baile Eaglaise mar a leagtar na caoirigh.

(Baile Eaglaise na scoláirí beannaithe, Baile Eaglaise na ngealbhan)

 

Paróiste Dhún Chaoin

Gleann Loic, na muca méithe,

Baile Bhiocáire, na pocáin ag méileach/ag méiligh,

Baile an Ghleanna na meadracha glégheala, (meadar)

Baile na Rátha na bláthaí géire,

Baile Ícín an bhinsín?

Baile na hAbha, baile cois abhann, baile beag briste is mná gan tuiscint ann.

Muileann, Muileann císte mór mine,

Ceathrú, Ceathrú an Fheirtéaraigh,

Com, com an éithigh.

 

Na paróistí go léir

Paróiste an Fheirtéaraigh, paróiste an éithigh,

Paróiste Dhún Chaoin, paróiste na mbithiúnach,

Paróiste Mórdhach, paróiste na spairte (spairt = móin,talamh fliuch,riasc)

Paróiste na Cille, paróiste na ndruncaeirí

Paróiste Márthain, ceol, ól agus amhráin.

Aoine 23/03/12

“… is tar éis na Féile Bríde, ardóidh mé mo sheol.”  ‘Sea go deimhin tá ár seolta ardaithe sa chiorcal comhrá againn ach go háirithe agus cúrsaí an tsaoil á gcur trí chéile againn. Ní hamháin go rabhamar á ngioradh féin le gréin an tseachtain seo ach bhí daoine an-bhroidiúil ag curadóireacht. De bharr an sar-obair atá á dhéanamh ag daoine, tá spuaiceanna agus cloig ar na láimhe. Gan dabht is fada an lá a bheireas greim ar chos an chasúir, sámhthach rámhainnelámh bhuicéid ach is minic a bhíonn mo lámh ar chluas an chupa. Ós ag caint ar chloig agus spuaiceanna tháinig rudaí eile chun cuimhne. Fathanaí ar na méara, fuachtán ar na ladhracha, fuarnimh sna méara agus sa bhfiacla, clogar fiacala agus coladh grifín. Bhíomar lúbaithe agus sinn ag déanamh cur síos ar phearsantacht an duine. Bheadh sé deacair an ruaig a chur ar an dródánach nó an siománaí sa tigh tabhairne. Bheadh an crúdánaí lán de taspach. B’fhéidir go mbeadh an snámhán ag féachaint ar do leathanach Facebook i ndon fhios duit féin. Ní hámháin sin ach caitheamar seal ag plé cuma an duine. Dá mbeadh dread fiacial ag duine bheadh an-ghiall ar fad acu agus is é dread an chnúdáin an dread is deise dá bhfuil ann.  Níor dheineamar dearúd ar iompar an duine ach oiread agus bhí go leor cur is cúiteamh mar gheall ar dhuine a bheadh ana-ghuairnéanach nó mí-shochair sa leabaigh. Ní raibh an duine deoranta fághta ar lár. Is éard atá i gceist leis seo ná duine atá leithleasach, duine atá ag faire amach ar a leas féin i gcónaí, níl aon amhras go mbeadh duine mar sin téibithe againn. Briathar fé leith is ea an briathair teibim, cuirim i gcás, níor theib an chaint riamh air. Mar is iondúil thugamar ár n-aird ar abháir éagsúla. Phléamar gach cinéal saghas cré. Tá an ithir ar bharra na talún ach chaithfeá dul síos go gaoidhean dá mbeifeá ag tógaint tí. Thabharfá greann ar ghainneamh agus clocha beaga. Tagaimid go dtí an ciorcal comhrá chun eolais a scéachtaint leis agus cuireadh ar ár súile dúinn cad atá i gceist nuair atá feirmeoir ag míntíriú, tá sé/sí á thabhairt na beithígh chun mín. Bheadh na beithígh á gcúr chun tíre agus á dtabhairt chun mín, ach geallaimse daoibh ná béidís ar mhínleach Cheann Sibéal ach go háirithe! Tá iliomaid slíte ann chun a rá go bhfuileann tú gearr do rug éigin: fad coiscéim coilighfad beiriú an spóla. Sular d’fhágamar slán le chéile luamar trí fhocal éagsúla a d’úsáidfeá in ionad an focal pian. 1. Seadhg 2. Dioth, pian saghas díomhar 3. Arraing, bhuail arraing mo ghlúin.