An Aoine 25 Bealtaine 2012

Táimid go léir ag rith le brothall anso inniu! Bhuail cúpla duine an doras isteach chugainn ach go háirithe. Bhí fuastaí  deasa, mílse againn ó Mhargadh na bhFeirmeoirí ar an Holy Ground anso sa Daingean! Bhíodar deigh-bhlasta. Buíochas le Sharon is Cian a bhí ag bácáil ó adhmhaidin!  Bhí Lucia ag iarraidh caife a sheasamh do Toose ach chaith sé bóthar a bhualadh is ‘Tá do chlú is do chuid agat’ ar sé léi (ní foláir nó gur b’shin é a deirtí fadó sa tigh tábhairne – dá mbeadh duine chun seasamh do dhuine ach go gcaithfeadh an duine eile an bóthar a bhualadh)

N’fheadar conas a tarraingíodh anuas an Ghaoluinn atá ar na hailtcnugachautáin! Fuaireamar go léir cúpla cnug is sinn ar scoil is is dócha nach gá a thuilleadh a rá ina thaobh san!

Beidh lá fén dtor againn ar an Aoine so ach le cúnamh Dé beidh ceiliúradh mór againn anso san Ionad Seirbhísí Teanga ar an Meal sa Daingean ar an Aoine 8 Meitheamh óna 11.30am amach. Má bhíonn tú sa chomharsanacht, buail isteach!

An Aoine 11/5/2012

Níl aon amhras ach go bhfuil intinn chéireach ag fear amháin inár meascna mar luaigh focal is beidh sé ábalta cur leis nó malairt focail a thabhairt duit. Tá saibhreas Gaelainne á roinnt aige orainn ach cúiteoimid leis é lá éigin. (cúiteamh: rud a chúiteamh le duine).
Tá cuid againn amuigh na tráthnóntaí so ag cur aithchré le prátaí nó á dtaoscadh (nó á saothrú). Is féidir a bheith ag taoscadh naomhóige leis nó á folmhú amach le cupa (aon uisce a raghadh isteach an naomhóig)  N’fheadar conas go gcuamar ó bheith ag caint ar phrátaí go dtí peacaí marfacha ach seo chugaibh iad (cé is dócha gur beag tor a tugtar orthu inniu!) : uabhar; saint; drúis; craos; fearg; formad; leisce.
Bíonn cuid againn ag cuadhán is cuid againn ag bronnadh cuadán. Tá sé ráite ná tógann muintir na hÉireann cuadán go rómhaith – ach san ráite – coimeádaimís ag bronnadh cuadán is ag roinnt cuadán ar a chéile! Is cosúil gur féidir ‘Cheiliúras cuadán’ a rá chomh maith.
Bímid fothalach ar uairibh is ar uairibh eile ní thaitníonn sé linn nuair a deir daoine rudaí go tíriúil linn. 
Sin iad na rudaí a bhí á gcur trí chéile againn ar an Meal an Aoine seo a dh’imigh tharainn! Tá na Múrtha fáilte romhat cur leis!

An Aoine 27/04/2012

Tréimhse ganntanais/ocrais ag tús mhí na Bealtaine nuair ná beadh teacht ar an bhféar dosna hainmhithe, ní bhíodh sé ag fás.  Ní chuirfí aon ainmhí amach roimis an 10ú/11ú Bealtaine – Sean-Lá Bealtaine.  Bhítí i mbolg an ghantair, deirtí. Lastaí tine Oíche Lae Bhealtaine agus chuirtí na hainmhithe idir dhá thine nó tríd an ndeataigh chun go mbeadh rath orthu.

Ní gantair duit é = ní gá duit é

Fiaile, fiailí – mar a fhásann idir na bláthanna is na glasraí.  Fialtach firfianlach ( fian-laoch) – fear mór, a bhfuil cuma fhiáin air

Oirfideach – an píobaire, mar shampla sna seanalaethanta. Cé a dhíolfaidh an píobaire? airgead na n-amadán, a deirtí a chuirfeadh éadach ar bhean an phíobaire!

Réabtha – mar a bheadh an talamh ag muc. Bíonn na muca ag tóch sa talamh.  Bíonn an duine ag toideadh (= ag taighdeadh) isteach i bpoll prátaí, coiníní, bíd ag taighdeadh poill/poll.  Taighdim =  deinim tochailt, deinim poll.

Duine mothaolach = Tánn sé saonta, bog

Duine leochaileach, tógálach, mothálach, is fuirist cur isteach air/uirthi

Cuir duit / díot an bhreill .i. an pus goil; tá breill is pus goil air; tá breill ar an leanbh .i. tá sé ar tí tosnú ag gol.

Ach, bhí breall air = bhí dul amú air, bhí dearmad air agus an bhroigheall = éan mara – seagadh

Ní bheadh aon ní uaidh – cnámh pioctha – bhí sé chomh sásta le cnámh pioctha.

Faobhar

faobhar nimhe curtha agam ar an scian

faobhar fút; bhí faobhar fé = bhí deabhadh air

Buanaíocht

Ní féidir buanaíocht a dhéanamh ar dhuine = ní féidir aithne cheart a chur air

buanaíocht agam i dtigh na ngaolta

Buannacht

buannacht aige ar an dtigh is ar an dtalamh so = ar an gcairt.  Is leis é.

Agus, fé dheireadh,

Cloisim, dearmadaim

Chím agus cuimhním

Scríobhaim agus tuigim.