Tréimhse ganntanais/ocrais ag tús mhí na Bealtaine nuair ná beadh teacht ar an bhféar dosna hainmhithe, ní bhíodh sé ag fás. Ní chuirfí aon ainmhí amach roimis an 10ú/11ú Bealtaine – Sean-Lá Bealtaine. Bhítí i mbolg an ghantair, deirtí. Lastaí tine Oíche Lae Bhealtaine agus chuirtí na hainmhithe idir dhá thine nó tríd an ndeataigh chun go mbeadh rath orthu.
Ní gantair duit é = ní gá duit é
Fiaile, fiailí – mar a fhásann idir na bláthanna is na glasraí. Fialtach fir nó fianlach ( fian-laoch) – fear mór, a bhfuil cuma fhiáin air
Oirfideach – an píobaire, mar shampla sna seanalaethanta. Cé a dhíolfaidh an píobaire? airgead na n-amadán, a deirtí a chuirfeadh éadach ar bhean an phíobaire!
Réabtha – mar a bheadh an talamh ag muc. Bíonn na muca ag tóch sa talamh. Bíonn an duine ag toideadh (= ag taighdeadh) isteach i bpoll prátaí, coiníní, bíd ag taighdeadh poill/poll. Taighdim = deinim tochailt, deinim poll.
Duine mothaolach = Tánn sé saonta, bog
Duine leochaileach, tógálach, mothálach, is fuirist cur isteach air/uirthi
Cuir duit / díot an bhreill .i. an pus goil; tá breill is pus goil air; tá breill ar an leanbh .i. tá sé ar tí tosnú ag gol.
Ach, bhí breall air = bhí dul amú air, bhí dearmad air agus an bhroigheall = éan mara – seagadh
Ní bheadh aon ní uaidh – cnámh pioctha – bhí sé chomh sásta le cnámh pioctha.
Faobhar
Tá faobhar nimhe curtha agam ar an scian
Tá faobhar fút; bhí faobhar fé = bhí deabhadh air
Buanaíocht
Ní féidir buanaíocht a dhéanamh ar dhuine = ní féidir aithne cheart a chur air
Tá buanaíocht agam i dtigh na ngaolta
Buannacht
Tá buannacht aige ar an dtigh is ar an dtalamh so = ar an gcairt. Is leis é.
Agus, fé dheireadh,
Cloisim, dearmadaim
Chím agus cuimhním
Scríobhaim agus tuigim.
Filed under: Mála an bhacaigh! |
Freagra