Tá mórán daoine ag gearán na laethanta seo ar shlaghdán is fliú, is a dheacra is atá sé fáil scartha leo. Ní foláir nó go ndeirtí ‘Dá olcas é an galar is measa é an t-athiompáil’ – sé sin gur measa a bhíonn duine nuair a fhilleann breoiteacht an dara babhta (slaghdán nó a leithéid). Bhí stáir (ana-thamall/ tamall fada) ann ó chonaiceamair cuid acu siúd a bhí linn inniu! Bhí cuid acu suaite – aistí móra le scríobh acu! (suaite – trí chéile – tá cuma shuaite air/uirthi – ní fhéachann siad sásta. Bíonn cuma shuaite ar an bhfarraige).
Deineadh dearúd ar an gCarghas mar go dtug Máire císte breá léi – ach dúirt sí féin go raibh sí ábhar tútach agus í á ghearradh. Ba chuma linn – itheadh é!
Má fhaighim caoi – má fhaighim deis. Tháinig ceataíocht orm (níor éirigh liom é dhéanamh go maith/ tháinig sé salach orm). Tháinig sé caoithiúil orm (d’éirigh liom é dhéanamh go maith) – úsáidtear é agus daoine i mbun litreacha a scríobh – ag súil le scéala uait ar do chaoithiúlacht (nuair a bheidh deis agat)
Falla nó faltanas (i dTír Chonaill) a bhí á phlé ar Rónán Beo i rith na seachtaine – Is fearr seana-fhiacha ná seana-fhalladh. Tá falla agat liom. (Fala atá sa bhfoclóir) .
Tarraingíodh anuas call ansan: Ní call duit é – Níl aon chall agat leis = níl aon ghá agat leis.
Cé go bhfuil an fuacht mór imithe tarraingíodh anuas bachrán nó scrógaí mar a bhíodh acu in Inis Meáin – sé sin – bualtach bó triomaithe agus dóití sa tine é.
Tá faid bheiriú an spóla go maith ar an lá fén dtráth seo nó aighe feola (spóla feola; píosa feola – ní gá go mbeadh cnámh ann). Gach aighe dá chorp (gach cuid dá chorp)
Críochnaíodh an mhaidin le gliogram cos (rince)
B’é Séamus Ó Sé an rógaire,
Thugas dhá phingin ar phort dó,
Mhúin sé dom gliogram
Is d’fhág san ag croitheadh na gcos mé
Gura fada buan sibh go léir!
Filed under: Mála an bhacaigh! |
Freagra