An Aoine 11/5/2012

Níl aon amhras ach go bhfuil intinn chéireach ag fear amháin inár meascna mar luaigh focal is beidh sé ábalta cur leis nó malairt focail a thabhairt duit. Tá saibhreas Gaelainne á roinnt aige orainn ach cúiteoimid leis é lá éigin. (cúiteamh: rud a chúiteamh le duine).
Tá cuid againn amuigh na tráthnóntaí so ag cur aithchré le prátaí nó á dtaoscadh (nó á saothrú). Is féidir a bheith ag taoscadh naomhóige leis nó á folmhú amach le cupa (aon uisce a raghadh isteach an naomhóig)  N’fheadar conas go gcuamar ó bheith ag caint ar phrátaí go dtí peacaí marfacha ach seo chugaibh iad (cé is dócha gur beag tor a tugtar orthu inniu!) : uabhar; saint; drúis; craos; fearg; formad; leisce.
Bíonn cuid againn ag cuadhán is cuid againn ag bronnadh cuadán. Tá sé ráite ná tógann muintir na hÉireann cuadán go rómhaith – ach san ráite – coimeádaimís ag bronnadh cuadán is ag roinnt cuadán ar a chéile! Is cosúil gur féidir ‘Cheiliúras cuadán’ a rá chomh maith.
Bímid fothalach ar uairibh is ar uairibh eile ní thaitníonn sé linn nuair a deir daoine rudaí go tíriúil linn. 
Sin iad na rudaí a bhí á gcur trí chéile againn ar an Meal an Aoine seo a dh’imigh tharainn! Tá na Múrtha fáilte romhat cur leis!

Advertisements

An Aoine 27/04/2012

Tréimhse ganntanais/ocrais ag tús mhí na Bealtaine nuair ná beadh teacht ar an bhféar dosna hainmhithe, ní bhíodh sé ag fás.  Ní chuirfí aon ainmhí amach roimis an 10ú/11ú Bealtaine – Sean-Lá Bealtaine.  Bhítí i mbolg an ghantair, deirtí. Lastaí tine Oíche Lae Bhealtaine agus chuirtí na hainmhithe idir dhá thine nó tríd an ndeataigh chun go mbeadh rath orthu.

Ní gantair duit é = ní gá duit é

Fiaile, fiailí – mar a fhásann idir na bláthanna is na glasraí.  Fialtach firfianlach ( fian-laoch) – fear mór, a bhfuil cuma fhiáin air

Oirfideach – an píobaire, mar shampla sna seanalaethanta. Cé a dhíolfaidh an píobaire? airgead na n-amadán, a deirtí a chuirfeadh éadach ar bhean an phíobaire!

Réabtha – mar a bheadh an talamh ag muc. Bíonn na muca ag tóch sa talamh.  Bíonn an duine ag toideadh (= ag taighdeadh) isteach i bpoll prátaí, coiníní, bíd ag taighdeadh poill/poll.  Taighdim =  deinim tochailt, deinim poll.

Duine mothaolach = Tánn sé saonta, bog

Duine leochaileach, tógálach, mothálach, is fuirist cur isteach air/uirthi

Cuir duit / díot an bhreill .i. an pus goil; tá breill is pus goil air; tá breill ar an leanbh .i. tá sé ar tí tosnú ag gol.

Ach, bhí breall air = bhí dul amú air, bhí dearmad air agus an bhroigheall = éan mara – seagadh

Ní bheadh aon ní uaidh – cnámh pioctha – bhí sé chomh sásta le cnámh pioctha.

Faobhar

faobhar nimhe curtha agam ar an scian

faobhar fút; bhí faobhar fé = bhí deabhadh air

Buanaíocht

Ní féidir buanaíocht a dhéanamh ar dhuine = ní féidir aithne cheart a chur air

buanaíocht agam i dtigh na ngaolta

Buannacht

buannacht aige ar an dtigh is ar an dtalamh so = ar an gcairt.  Is leis é.

Agus, fé dheireadh,

Cloisim, dearmadaim

Chím agus cuimhním

Scríobhaim agus tuigim.

An Aoine 30/03/12

Tagaimid go dtí an mhaidin chaife go fonnmhar gach Aoine ach cad mar gheall ar na leathanta nuair a bhíonn leisce ort freastal ar ocáid nó cruinniú éigin. Tugtar teacht an tseagail ar sin, an teacht gan fonn gan fuadar. Bhí san go maith is ní raibh go holc ach léigh an nath cainte seo agus cuimhnigh air; triall na gcearc go hAlbain. Is ea, tá an ceart agat, ní raghaidh cearca in uisce. Tá sé intuighte gur beartaíodh an turas ach ní deineadh é. Caith do shúil ar an gcéad cheann eile. Chuir sé trína húmacha go maith í. Seanrá is ea é seo a dheineann tagairt d’obair an úmadóra. Úsáideadh úmacha i seol an fhíodóra leis. Go  bunúsach  cuireadh go dtí pointe an choiléir í. Dá mba rud é go bhfuil an t-úmadóir os cionn a bhuille, is minic a déarfá gur feidhmiúil an fear é. Duine néata atá i gcéist anso, ní bheadh aon leisce ann, bheadh sé tapaidh agus éifeachtach an rud saoráideach a dhéanamh. Tá dealramh lena chuid oibre agus is duine críochnúil slachtmhar é. Feictear daoibh anois gur aisiúil an focal é! Leanamar leis an bpatrún céanna agus má chuirtear rud éigin i bhfearas, an chaid mar shampla bheadh tairbhe dá bharr.  Má théann sé chun tairbhe duit, d’fhéadfá a rá go mbaineann tú earraíocht as.  

Féadtar na trí fhocal seo a úsáid go minic sa lá atá inniú ann.

  1. Clúnfairt – Leanbh tanaí, lochaileach a saolaíodh roimh am.
  2. Alfraits – Rógaire, bheifeá bailithe dhó.
  3. Runclac– Bia na muc (Admhaím gur annamh an focal é)

Cúrsaí aclaíochta a bhí fé chaibidil againn chomh maith. Thabharfá seáp do dhuine éigint nó thugais seáp reatha. Duine atá go maith chun ráis tá an-choisíocht aige. An-choisí – Fear atá go diail chun siúil, an-fhear siúil is ea é. Le giolcadh na gealún féadfaidh sibh a bheith ag giolcaireacht fén méid atá léite agaibh sa bhlag seo. Dia libh.

An Aoine 23/03/12

Dhá chaora a goideadh ó fhear ó Dhún Chaoin agus shiúlaigh Paróiste an Fheirtéaraigh á lorg.

An Ghráig a chráigh mo chroíse,

Cloichear is a thóin le taoide,

Tíorabháin fé bhun Bearna na Gaoithe,

Ná taitníonn an ghrian ann go Lá le Bríde,

Baile an Fhéirtéaraigh an chroaibhín aoibhinn,

Cluainte na dtuartha míne,

Cathair Caoin/Cuinn na sceach laistoir síos do,

Ard na Caithne mar lastar na coinnle,

Baile Uachtarach in uachtar duimhche,

Baile an Chaladh mar a ghreadann na faoileann,

Fearann na luaithe buí,

Gorta Dubha go súghtar síos iad i bportach móna,

Dhá fhód déag ar airde,

Baile Eaglaise mar a leagtar na caoirigh.

(Baile Eaglaise na scoláirí beannaithe, Baile Eaglaise na ngealbhan)

 

Paróiste Dhún Chaoin

Gleann Loic, na muca méithe,

Baile Bhiocáire, na pocáin ag méileach/ag méiligh,

Baile an Ghleanna na meadracha glégheala, (meadar)

Baile na Rátha na bláthaí géire,

Baile Ícín an bhinsín?

Baile na hAbha, baile cois abhann, baile beag briste is mná gan tuiscint ann.

Muileann, Muileann císte mór mine,

Ceathrú, Ceathrú an Fheirtéaraigh,

Com, com an éithigh.

 

Na paróistí go léir

Paróiste an Fheirtéaraigh, paróiste an éithigh,

Paróiste Dhún Chaoin, paróiste na mbithiúnach,

Paróiste Mórdhach, paróiste na spairte (spairt = móin,talamh fliuch,riasc)

Paróiste na Cille, paróiste na ndruncaeirí

Paróiste Márthain, ceol, ól agus amhráin.

Aoine 23/03/12

“… is tar éis na Féile Bríde, ardóidh mé mo sheol.”  ‘Sea go deimhin tá ár seolta ardaithe sa chiorcal comhrá againn ach go háirithe agus cúrsaí an tsaoil á gcur trí chéile againn. Ní hamháin go rabhamar á ngioradh féin le gréin an tseachtain seo ach bhí daoine an-bhroidiúil ag curadóireacht. De bharr an sar-obair atá á dhéanamh ag daoine, tá spuaiceanna agus cloig ar na láimhe. Gan dabht is fada an lá a bheireas greim ar chos an chasúir, sámhthach rámhainnelámh bhuicéid ach is minic a bhíonn mo lámh ar chluas an chupa. Ós ag caint ar chloig agus spuaiceanna tháinig rudaí eile chun cuimhne. Fathanaí ar na méara, fuachtán ar na ladhracha, fuarnimh sna méara agus sa bhfiacla, clogar fiacala agus coladh grifín. Bhíomar lúbaithe agus sinn ag déanamh cur síos ar phearsantacht an duine. Bheadh sé deacair an ruaig a chur ar an dródánach nó an siománaí sa tigh tabhairne. Bheadh an crúdánaí lán de taspach. B’fhéidir go mbeadh an snámhán ag féachaint ar do leathanach Facebook i ndon fhios duit féin. Ní hámháin sin ach caitheamar seal ag plé cuma an duine. Dá mbeadh dread fiacial ag duine bheadh an-ghiall ar fad acu agus is é dread an chnúdáin an dread is deise dá bhfuil ann.  Níor dheineamar dearúd ar iompar an duine ach oiread agus bhí go leor cur is cúiteamh mar gheall ar dhuine a bheadh ana-ghuairnéanach nó mí-shochair sa leabaigh. Ní raibh an duine deoranta fághta ar lár. Is éard atá i gceist leis seo ná duine atá leithleasach, duine atá ag faire amach ar a leas féin i gcónaí, níl aon amhras go mbeadh duine mar sin téibithe againn. Briathar fé leith is ea an briathair teibim, cuirim i gcás, níor theib an chaint riamh air. Mar is iondúil thugamar ár n-aird ar abháir éagsúla. Phléamar gach cinéal saghas cré. Tá an ithir ar bharra na talún ach chaithfeá dul síos go gaoidhean dá mbeifeá ag tógaint tí. Thabharfá greann ar ghainneamh agus clocha beaga. Tagaimid go dtí an ciorcal comhrá chun eolais a scéachtaint leis agus cuireadh ar ár súile dúinn cad atá i gceist nuair atá feirmeoir ag míntíriú, tá sé/sí á thabhairt na beithígh chun mín. Bheadh na beithígh á gcúr chun tíre agus á dtabhairt chun mín, ach geallaimse daoibh ná béidís ar mhínleach Cheann Sibéal ach go háirithe! Tá iliomaid slíte ann chun a rá go bhfuileann tú gearr do rug éigin: fad coiscéim coilighfad beiriú an spóla. Sular d’fhágamar slán le chéile luamar trí fhocal éagsúla a d’úsáidfeá in ionad an focal pian. 1. Seadhg 2. Dioth, pian saghas díomhar 3. Arraing, bhuail arraing mo ghlúin.

An Aoine 16/03/2012

Chreidfeadh an léitheoir go bhfuil rud éigin eile i bhfad níos dáiríre ná braon tae agus comhrá deas réchúiseach ar súil ar an Meal gach aon Aoine leis an méid cainte ar an dianmhachnamh an tseachtain seo arís ( infheitheamh mairneadh). Ar eagla go mbeadh aon amhras ann, d’iompaigh an comhrá go dtí an t-ábhar tábhachtach san…an bhualtrach (!) agus an tslí gur maith leis na madraí (na brogairí, go háirithe) a bheith a n-iomlasc iad fhéin sa bhualtrach. Aye, bíonn an t-asal  a iomlasc féin; an tsreang a roiseadh ón ngeansaí agus gach damhán alla ag tochras ar a cheirtlín féin….na briathra difriúla ag baint le cineál rothaladh.

Is é an rothlam duine an duine garbh nó an té gan morán ceille. Bhí an difríocht deanta idir duine ramhar (duine ciotrúnta, abair) agus an duine cothaithe nó an duine beathaithe (an duine trom) agus an duine othraithe (ró-throm). 

Is ionann an focal tiúthaidhe agus faic (sa chómhthéacs, ‘an bhfuil airgead agat?’,  ‘níl aon leathphingin agam’ ! nó, ‘níl tiúthaide agam!’). Muna bhfuil leathphingin agat seans maith ann ná fuil cianóg nó leath-fheoirling agat ach oiread!

Is bainne bainne, a deireann tú?! Bhuel, tá agus níl….agus an bhó díreach crúite is leamhnacht atá agat; an uachtar bainte is bláthach atá agat anois, gan morán taoisleann ann ach ólta chun an tart a chosc. Agus an difríocht idir bainne géar agus an bhláthach? Ambaiste fhéin, n’fheadar!

RÓF.

An Aoine 9/03/12

Dé  bhúr mbeatha a léitheoirí. Lá álainn ab ea Dé hAoine seo a d’imigh tharainn agus ba ghearr an mhoill go rabhamar ag dianmhachnamh nó ag rinnfheitheamh más maith leat. Ach ambaiste ní haon nath againn é agus is léir nach gcuirtear aon iachall orainn a bheith ag dianmhachnamh mar bímid ar ár sáimhín só ag an gcioral comhrá i gcónaí!  Ós ag tagairt don gciorcal comhrá atáim, táim chomh siúráilte is atá cos ar asal ná fuil aon chnatacháncneamhaire inár measc. Ach b’fhéidir go bhfuil rábaire ann, bíonn gach éinne cneasta, fial agus fé mar a dúirt an té a dúirt é, an rud a bhailaíonn an cníopaire, scaipeann an rábaire. Is ag caint ar chúrsaí caide a thosnaíomar ansan agus ar cad é a tharlódh i gcluiche a bheadh ina ghearrachomhrac;

Cuirtear cor coise fé.

Banintear thap as.

Baintear barrathuisle as.

Tá táthog ann/inti – tá an mianach ann/inti.

Ar chuma éigin d’iompaigh an comhrá arís agus tháinig dhá shéanfhocal ar bhráisléad chun cinn; muince bráid d’órgeimhle. Dá mbeadh muince bráid d’ór ag bean tá seans maith ann go mbeadh coiscéim tollmhóire aici, bean uaibhreach a thabharfaí uirthi más ea agus ní mórtas atá i gceist againn! Is ionann an focal toll agus tóin. Gháir gach éinne nuair a chualamar an ráiteas macánta seo; “Níl aon tholl thinn mar do tholl thinn féin”. Ach d’fhéadfaí toll a úsáid i slí eile gan amhras, cuir i gcás má thiteadar anuas ar a chéile bheul thiteadar i dtoll a chéile. An chéad fhocal eile a tharraing ár n-aird ná ndóthair (maith dom an litriú, tá ceangal ann leis an nath cainte ar ndóigh). Nóthair bhís ag éisteacht liom ná rabhaisndóthair ná rabhais ann tú féin. Uaireanta bímid giobtha, prioctha, ciaptha, cráite ag an saol. Ceist eile a phléamar ná  Cad a chuireann an fheoil ar thóin an tsagairt? Punt ar phósadh, coróin ar bhaisteadh, ar aifreann agus ar phósadh a deirtear. Cé go bhfuil feabhas tréis teacht ar an aimsir fós féín tá gá leis na stocaí fuaimintiúla. TéanaígThéanaíg a dúradh ag an deireadh agus bhailíomar linn ach ná dearúd, “Buann an fear glic ar an bhfear santach” agus “is féidir le fear an tí cac i dtóin an tí”!