Ó Bhaitheas go Bonn!

Tá tamall tugtha againn anois ag dul trí fhocail Ghaelainne a bhaineann le coda difriúla an choirp. Léigh leat!

Plaosc nó blaosc – sin é mar a tosnaíodh inniu – Plaosc a deirtear anso ach blaosc a bhíonn ag muintir Chonnmara. Thug Toose faoi na baill bheatha a dhéanamh aríst – sheas sé ansúd ag an gclár bán lena pheann agus sinne go léir ar tinneall lenár bpinn is ár bpár.

Mar seo a bhí :

Logán do bhaithise – ó bhaitheas go bonn/ ó bhathais go bonn

Fiacla stair- fhiaclastranaíocha – tá stranfhiacla breátha aige – strannaibh a deir daoine eile. Bheadh cíor bhreá fhiacal ag duine.  An chíor uachtair is íochtair. Bíonn an chaora is an bhó ag cogaint na círeach’. Cúl fhiacla/ clár fhiacla; na ciachráin (an dá fhiacal mhóra – ceangal leis na súile b’fhéidir)

Draid an chnúdáin –‘iasc’ – go bhfuil an chíor-fhiacal is breátha ann aige!

Drandal (gan aon fhiacal)  is Carbad íochair is uachtair

Caipín sonais – leanaí áirithe a saolaítear leis – choiméadtaí in áit shábháilte é – agus thugadh mairnéalaigh leo chun farraige é mar chreideadar go gcoiméadfadh sé slán iad – ní bháfaí iad

Deiridís leis é fé shiorrach – rud éigin a bhíodh fé theanga siorraigh áirithe – bhaintí amach é, choiméadtaí é agus bhíodh cumhacht ag an té go mbeadh sé aige capall ar bith, dá fhiáine, a cheannsú.

Cúl do chinn  calbhach – a bheith maol

Na huisí Na huiseannaibh : ‘sna huiseannaibh atá an t-éasc sa duine’ (an locht/ an fabht) – dá mbuailfí duine sna huiseannaibh – mharófaí é –

Éadan nó malaing nó malaidh a thugann daoine air

An chluais:  cupóg na cluaise ; cnáimhín scéalach (istigh sa chluais); smiot/maothán na cluaise – mar a mbíonn na fáinní cluaise

Adhaltán = fear a bheadh bodhar

Srón/ caincín, coinncín : polláirí na sróine ; smúis (smiot leis) – an chuid bhog don tsrón; droichead / caol na sróine; fuil sróine;

Grealsach = fás a thagann istigh id’chaincín

An tsúil: mac imreasan; sméar na súilecaor na súile (an tsúil féin); fíorshúil; gleamshúil/ súile gleama (fuil); caipín na súl

‘rosc’ = ‘súil’ – glanrosc – bláth beag – creidtear go bhfuil leigheas ann d’fhadhbanna súl;

Craobhabhar  (Caobhabhar) – rud tinn a thagadh ana-mhinic fadó ar an tsúil

Sream brachadh (sleep) – a mbíonn ar an tsúil ar dhúiseacht do dhuine. Práib a thugann siad air i Maigh Eo an ea?  (Bainfidh san an brachadh de na súile agat = dúiseoidh san tú) Siolla súl – luí do shúil

Duine a bheadh caoch – bheadh sé ábhairín dall ach bheadh léas éigin radhairce aige  – ní bheadh an radharc go maith aige. Chaoch sé an tsúil orm/uirthi/ nó sméid sé a shúil orm a déarfadh muintir Chonamara. I bhfaiteadh na súl

–       I bhfaiteadh na láimhe – duine a bheadh ag craitheadh a lámha ag iarraidh é féin a théamh – na lámha a bhualadh fén ascall

Bheadh duine fadradharcachgéar-radharcach. Logall na súl (mogall nó logall)

Dall dhallfadh sé tú. dalladh ag baint leis

– cuireann tú feac nó sáfach isteach i logall (an poll) leis – má tá tú ag caint ar shluasaid nó píce srl.

–          Luiseag – spíce iarainn – chaithfeá an sáfach a shá isteach air.

–          Súil do láimhe – ordóg is corrmhéar le chéile

Fabhra/fabhraí

Mala/malaí – bhí seana-rá ann: Bhí muc ar gach mala/malaidh aige/aici/acu (dá mbeadh goimh dearg ar dhuine fé rud/le duine). Braoi nó braoithe a d’úsáidídís sa bhfilíocht.

Tá smidiú sa tsaol riamh – fadó is í an tslí a chuiridís é ná :  Tá sí ag cur aghaidh uirthi féin – á déanamh féin suas.

Tabhair taibhseamh do sin – iarnáil é – cuir cuma mhaith air

Cleandar = an stáirse a chuirtí sna léinte

Grua:  grua mar an rós – cuma bhreá shláintiúil a bheith ar dhuine

Leacan : leicne: pluic

D’fhéadfadh cuma bheathaithe a bheith ar dhuine – duine a bheadh cothaithe ábhar trom – ach níor cheart a rá riamh go bhfuil duine ‘ramhar’ – sin brí eile ar fad.

Athsmig/smeigín (ábhar feola faoin smig!)

Foc = meigeall beag ar an smig

Logán maise nó tibhre / tibhreach (dimple)

Ribe Mhuire – ribe gruaige nár staitheadh! Bheadh tlú spiala ag teastáil ina chóir is dócha. Nó é a spialadh le tlúithín

Ball seirce – grá is ea searc

–          Séire = béile : chun séire an uain….(san aifreann)

Beola: fathanna do bhéil (fátha do bhéil) – Ós focal eile ar béal agus Ó ar an gcluais (sa litríocht)

Failc (bearna mhíl i gConamara)

[Míol maigh = f iamhain = sciobarnach = giorria bhítí ag cosaint aon bhean a bheadh ag súil le leanbh ar an ngiorria]

cam reilige is comhartha broinne ann – baint ag ceann le máchail a bheadh ar leanbh/ duine agus birthmark an ceann eile

Miotán: lámh gearra

Is sa teanga agus sa chogansach (coguas) atá an blas nó astu a fhaightear an blas

Scórnach : sine seain (seán) – tá sé ar crochadh thiar sa scórnach: Bheir sé ar sceadamán orm

Craos / Craosach

Céislíní – tonsils :    Píopán mín; píobán garbh ; píobán an doichill = comhla/cailbhe = epiglottis

Giall uachtair ; giall íochtair = corrán – do chorrán : glas géill

Lúdracha : seanrá ann : Nár thaga meirg riamh ar lúdracha ár gcairdis

 

Nithe fánacha eile a pléadh!

Má thiteann an smuga sa chíste = Má theipeann ar phlean A!

Muin do mhuiníl – (leanbh ar do ghualainn)

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: