Mála an Bhacaigh!

Cad nár cíoradh inniu! Tosnaíodh amach ag plé ainmhithe – gamhain / colan (1-2 bhliain) agus ceart aos (2 bhliain). Beithíoch dortha – sin ceart aos nó beithíoch go mbeadh gamhain inti. Bíonn beithíoch fé dháir (ach madra fé shíol) nó fé adhall.
Tá fiacal milis ag an gcomhluadar ach ní raibh aon radharc ar aon bhriosca. Táimid cnuaisciúnach arsa Toose. Ní hionann san is a bheith sprionlaithe! Duine cnuaisciúnach is ea duine ná cuireann aon ní amú. ‘Ní mhór an ceacht san a mhúineadh dos na héinne óg inniu’ arsa duine éigint! As san go ‘cnuasach prátaí’ ní bhítear ‘ag piocadh prátaí’!
Caitheadh dul ag soláthar na mbrioscaí ar aon chuma – dul ar a dtóir, dul á lorg, dul chun iad a dh’fháilt. ‘bhí sé go maith chun soláthair’ a déarfaí fé dhuine a bhí go maith chun teacht suas lena raibh uaidh.
Bhuail Darach isteach inniu agus as san tarraingíodh anuas an clár teilifíse Dul i bhFiáin a bhí ar TG4 roim Nollaig – bhíothas ag moladh dóibh breith ar choinín – ach ní raibh aon chur amach acu ar conas ab fhearr tabhairt fé! Moladh léaspánan coinín a dhalladh. Ar an gclár bhí gabhlóg acu nó crann tabhaill.
Labhair ar chíoradh focal nó cad a tharraing anuas ‘clocha bua ar shinecrith i gcluasaibh’ nó ‘seodra a bheidh ag crochadh ó chluasa’. ‘Sligíní’ leis a tugtar ar chlocha bua nó fáinní cluaise. ‘sine’ is ea an nasc a bhíonn i slabhra leis.
Cnuasach na Gráineoige (bíonn an ghráineog ag bailliú chuici féin ach n’fheadair sí cá gcuireann sí rudaí!)
Bearradh na Rón (rud ná déanfar go deo!)
Ba dhiail an fhiacal chirce í sin! (scéal gan dealramh, lán d’éitheach! – duine a bheadh ag scaothaireacht.
Bíonn Ciara is Rob ag bruthaireacht? Agus tarraingíodh anuas ‘barróg’ agus ‘scabhat’ – briseann an tonn ar an tslí isteach/amach.
Ciallaíonn barróg greim a bhreith isteach ar dhuine leis nó ‘gráín’ mar deirtear anso.
Mo shlán beo sibh go léir.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: