An Aoine 10/02/2012

Teachtaireacht thapaidh an tseachtain seo mar go bhfuil fotharaga (nó pindí no deabhadh) an diabhail orm! Thosaigh an chaint ar na slite difriúla gur féidir ‘meisce’ a chur in iúl! Mar shampla is féidir le duine a bheith ar a chaoil, ar a chaid nó, an ceann is fearr liom, a bheith caochta!

Seanfhocail deas ansan:

“Castar na daoine ar a chéile, ach ní chastar na cnoic ná na sleibhte”

Thainig fear cinn riain suas ach nilim cinnte cad go cruinn is brí leis…fhios ag éinne eile????

D’imigh an caint ansan go dtí an seana-léireasc:

“na trí rian is sia a fhanann: rian guail a muing, rian cairte i gclaí agus rian céachta i gcrích”

muing: portach;  sclaig focal ar rian cairte sa talamh

******************************************************************************************

cronán: Fuaim an chait cois tine; meamlach: an fhuaim a dhéanann sé nuair a bhíonn sé caite amach an doras!

bhí an focal scoite againn (tá sé scoite chum oibre/ airgid srl.) ach scúite (scúig/ ag scú)is ea craicinna bhaint de phrátaí, de ghlasraí srl

******************************************************************************************

bhí ana-chaint ansan ar an focal ar duine ná h-itheann aon rian feola …tá an focal veigeatóir (peaca is é é sin a scriobh fiú amháin dar le duine d’ár gcomhairleoirí!). Úsáidtear an focal feoilshéantóir (séan is ea ádh nó rath ach bheadh cosaint i gceist leis chomh maith). Ach, an focal is fearr ná turaire (tur = tirim, caint thur is ea caint leamh, m.sh)

bhí an díospóireacht ag dul i dteocht, is cosiúil, mar chas an chaint ar cimír (máchail, gortú a mhaireann), speabhraoidí (caint gan chiall ón té atá ag dul in éag, m.sh. speabhraoidí an bháis), spearbal (cnaoiste, ina cnaoiste ar an dtalamh) agus a bheith gan aithne, gan urlabhra! Bhí sé in am bóthar a bhualadh aríst dáiríre sula raibh tús curtha le rudaí!

An bhfuil aon ní agaibhse le cur leis seo? D’fháilteoimís rompu.

An Aoine 03/02/2012

Comhrá cinncheartchéille againn arís inniu! Is minic a chloistear caint ar an ‘braon broghach’ i gConnemara: an braon fághta sa bhuidéal; bhfuel, ‘sé an focal dríodar i bhfeidhm, go háitiúil.

Chuaigh an caint i dtreo ár gcomharsna béal dorais agus daoine ciotrúnta, cadránta, achrannach (!); focal eile ar an dteama ceanna: sceachaire, codarmán maistín (‘is maistín ceart é’)

D’imigh an caint ansan go dtí an té níos measa ná aon sceachaire…an diúgaire, ‘sea an súmaire/ an failpearaí sa phub ag lorg deoch in aisce ar dhaoine (‘ag diúgaire‘ do daoine eile agus ‘Diúg an Bhairillí

Bhí droch-seachtain ag daoine eigint má lean an comhrá ansan ar an té ag teip nó ag dul in éag agus thainig na focail ag síogú léi, ag seirgeadh, ag cnaoi, agus ag ceilúiradh suas.

Agus…ar daoine níl feith an ghrinn ann (ta sé duairc, gruama, dochma)

Caint san ar péire focal…duáileach/ suáileach, doicheall/ soicheall, saoirse/ daoirse agus sorcha an lae (breachadh an lae)/ doircheach an lae (clapsholas)

“dual in adhmad

fochal i bpráta

doicheall i gcroí an

té atá cráite”

******************************************************************************************

“an rud a bhailíonn an cníopaire, scaipeann an rábaire”

rábaire: duine flaithiúleach; cníopaire: níl sprionlóir i gceist ach fós fhéin an té atá go maith le airgead nó cnuaisciúnach (ag cnuaiseach, prataí nó feamainn, m.s.).

Bhí caint ansan ar ladhar (lamh nó crobh de rud eigint) vis-á-vis mám (dhá lamh de). Chuathas as san ag caint ar an difríocht idir ladhar do thóna agus geadán do thóna: am imeacht ag an bpointe sin!

An bhfuil aon ní agaibhse le cur leis seo? D’fháilteoimís rompu.

An Aoine 9/11/2011

Bhí comhrá cinncheartchéille againn inniu! – nó aréir!

Tá ceann na ceartchéille air = Tá sé stuama/ ciallmhar

***

Thugas geabh orthu = Thugas turas orthu

Thugas ruaill orthu = Thugas turas tapaidh orthu

Rann

“Thugas ruaill ar chara liom

Ba fhuar an fháilte

Ba lom an clár

Agus ba ghearr an chuaird” (= cuairt)

Rann eile!

“Téir ann go hannamh

Is beidh romhat fáilte

Téir ann go minic

Is beidh an ghráin ort”

***

Tá sé gairid don easna dom = Tá gaol gairid agam leis

A chara na n-árann – cara maith.

A chara na n-ae istigh – cara dílis!

***

Tá sé beagán gearra sa bhfiacail di = Tá sé róchríonna di.

***

Chuir sé an teitheadh orainn

Theith sé

Ruagaire reatha = duine atá ar a theitheadh