Ón Léachtlann

Is dócha gur dóigh libh go bhfuilimidne ar ár gcradó ar fad le cúpla mí! Níl is amhlaidh atá léachtaí breátha fachta againn ó Toose is na baill bheatha go léir clúdaithe againn, ach táimid anois ag iarraidh dul siar ar an ábhar go léir agus a chinntiú go dtugaimid linn oiread is is féidir.
Inniu tarraingíodh anuas Toibreacha Beannaithe agus tá mórán acu ar fud na dúthaí seo. Tobar Molaga i mBaile Bhaoithín – Luan Cásca a déantar an turas san (Neilí Mhárthain an bhean dheireanach a facthas ag déanamh an turasa san)
Tá Toibrín Bhríde ann leis agus ceann i mBaile Riabhach
Tá Teampall Bhaile Bhaoithín nó Teampaillín na Gréine ann agus Teampall Mhaighréidín
I mBaile an Reannaigh tá Tobar na mBan nó Tobar Chiaráin (tá sé ar an gcasadh – idir an cé beag atá thíos ann is an tráigh. Deirtí go raibh leigheas anso don mbean a bhí ag súil le leanbh – leigheas ar an mbreoiteacht maidine. Chaithfeadh bean eile dul ag triall ar an uisce di. Ní fhéadfadh aon fhear ól as mar dá n-ólfadh ní phósfadh sé go deo. Bíonn na leaids óga thíos ann ag imirt caide – bhí sé ráite go n-ól fear éigint as díreach chun ná pósfadh sé!
Luadh Tobar na Molt ó thuaidh ó Thrá Lí – bítear fós ag déanamh an turasa san. B’é an sean-nós ná go bhfágadh daoine rud éigint a bhaineas leo ag an tobar is iad ag fágaint – píosa éadaigh – ceirt/giobal éigint. An rud céanna anso – caitear cúpla scilling isteach i dTobar Naomh Gobnait i nDún Chaoin – mar a déantar an turas ar an 11 Feabhra gach aon bhliain fós.
Ní bhraithfeá an t-am ag leá (leaigh) mar a deir Toose. 1.45 a fágadh an léachtlann inniu!

Freagra