Fan le d’uain – sin anois mar a bhí againn inniu – bhí an oiread san fonn cainte ar dhaoine go mb’éigean dúinn go léir fanacht lenár n-uain – chaitheamar go léir fanacht lenár dturas. Déarfadh duine le duine eile é sa thigh tabhairne nó dá mbeadh grúpa ag fanacht le bus nó a leithéid sin. Gan dabht tá sé againn leis i gcúrsaí aimsire: is breá an uain í.
Cé ná raibh éinne ag bácáil aréir tosnaíodh ag caint ar scaród bóird nó brat boird: éadach a bheadh ar bhord i dtigh.
N’fheadar conas gur tarraingíodh anuas prioslaí ach ní foláir gur ‘prioslóir’ an bib a bhíonn ar leanaí beaga chun a gcuid éadaigh a choiméad glan.
Bíonn flosca áthais ar gach éinne againne maidin Dé hAoine.
Fadó gheibheadh leanbh clabhta baise nó liobar ach tá san imithe as an saol anois! D’fhéadfadh rud nó duine a bheith liobarnach leis, sé sin ná beadh obair dhuine róshlachtmhar b’fhéidir.
Bhí cuid againn suite chomh fada ar maidin go dtáinig codladh grifín inár gcosa is inár lámha!
Tháinig 1.00pm agus bheadh sé chomh maith agat cois an ghiorria a phógadh mar ná raibh aon chuimhneamh ag éinne ar bhogadh. Bhraith cuid againn ná rabhamar ach ag tosnú. Dúrt cúpla babhta nár chás a bheith ag ciorrú an bhóthair ach, bhí fuar agam, ní dh’éist éinne! Caitheas a rá le fear an hata ar deireadh an doras a tharrac amach ina dhiaidh mar go rabhas féin chun an bóthar a bhualadh.
Sea, sin mar a tugadh an mhaidin bhreá earraigh seo. Más féidir leatsa cur lenár gcibeal – abair!
Filed under: Mála an bhacaigh! | 1 Comment »